• Beannachtaí | Greetings
    Dia dhaoibh a chairde!
    Hello friends!
    Cén chaoi a bhfuil tú?
    How are you (one person)?
    Cén chaoi a bhfuil sibh?
    How are you (more than one)?
  • Seanfhocail | Proverbs
    Ag caitheamh an tsaoil is an saol ár gcaitheamh.
    Consuming time whilst time consumes us.
    Ag cuimilt saille buí le droim na muice méithe.
    Rubbing fat on the fat pig's back.
    Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
    It takes one to know one.
    An áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice.
    Every cloud has a silver lining.
    An áit a mbíonn deatach bíonn tine.
    There is no smoke without fire.
    An bhean atá dóighiúil is furasta a cóiriú.
    A handsome woman is easily dressed (good wine needs no bush).
    An chóisir i ndiaidh na hóinsí.
    Every fool has his following.
    An ní nach bhfeiceann súil ní bhrónann croí.
    What the eye sees not the heart rues not.
    An punt a chailleadh ag lorg na pingine.
    Penny wise, pound foolish.
    An rud a scríobhann an púca léann sé féin é.
    What the pooka writes the pooka can read (let the author interpret his own words).
    An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire.
    What is long delayed loses its appeal.
    An rud a thig thar dhroim an diabhail imíonn sé faoina bholg.
    What is got over the devil's back is spent under his belly (ill got, ill spent).
    An rud is annamh is ionthch.
    Wonders never cease.
    An rud is measa le duine ná a bhás b'fhéidir gurb é lár a leasa é.
    What one regards as a fate worse than death may be all for one's good.
    An rud nach binn le duine ní chluineann sé é.
    We close our ears to unpleasant things.
    An rud nach leigheasann im ná uisce beatha, níl aon leigheas air.
    What butter or whiskey does not cure cannot be cured.
    An té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach.
    Travellers have tales to tell.
    An té a bhíonn thuas, óltar deoch air. An té a bhíonn thíos luítear cos air.
    The one who's up, they drink his health, the one who is down is kicked.
    An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid.
    Out of sight out of mind.
    An té a bhíos thíos buailtear cos air.
    The lowly is sure to be oppressed.
    An té a bhuailfeadh mo mhadra bhuailfeadh sé mé féin.
    Love me love my dog.
    An té a bhuailtear sa cheann bíonn eagla air.
    A burnt child dreads the fire.
    An té a chailleas a chlú cailleann sé a náire.
    He who becomes lost to honour becomes lost to shame.
    An té a luíonn le madraí, éireoidh sé le dreancaidí.
    He who sleeps with dogs rises with fleas.
    An té a mbíonn an t-ádh ar maidin air bíonn sé air maidin agus tráthnóna.
    He who begins well ends well.
    An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic.
    He who is not strong must needs be clever.
    An té nach gcuirfidh greim cuirfidh sé dhá ghreim.
    A stitch in time saves nine.
    An té nach mbeireann ar an ngnó, beireann an gnó air.
    He who doesn't get a grip on the job, the job gets a grip on him.
    An té nach nglacann comhairle glacfaidh sé comhrac.
    He who will not yield to reason will yield to compulsion.
    An té nach trua leis do chás ná déan do ghearán leis.
    Do not look for sympathy where there is none.
    An t-ualach is mó ar an gcapall is míne.
    The willing horse gets the most work.
    An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair.
    The lamb teaching its mother how to bleat.
    Ardaigh orm agus ardóidh mé ort.
    You help me and I will help you.
    Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán.
    A cat purrs for its own benefit.
    Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.
    Man is a social animal.
    As an obair a thagann an fhoghlaim.
    Practice makes perfect.
    Bainfidh an fharraige a cuid féin amach.
    The sea will have its own, its share of tragedies.
    Beannaigh don dea-dhuine agus lig an drochdhuine thart.
    Salute the good person and let the bad person pass (cherish your friends and avoid your enemies).
    Beidh lá eile ag an bPaorach.
    There will come another day, there will be another chance.
    Beireann an cú mall ar a chuid féin.
    The slow hound catches his own.
    Bhuafadh an imní ar an gcinniúint.
    Care could overcome fate (accidents can be avoided with care).
    Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear.
    Foreign cows have long horns (distance lends enchantment to the view).
    Bíonn an fhírinne searbh.
    Nothing stings like the truth.
    Bíonn cluasa fada ar mhuca beaga.
    Little pigs have long ears (little pitchers have big ears).
    Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghla.
    A culprit turns a deaf ear to accusation.
    Bíonn cosa crua ar chapall iasachta.
    A borrowed horse is hard of foot (borrowing leads to abuse).
    Bíonn dhá dtrian mioscaise ar fhear fógartha.
    He who calls a quarrel must take two-thirds of the blame.
    Bíonn eagla ar an té a dhóitear.
    A burnt child dreads the fire.
    Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.
    All may return but the dead.
    Bladair an drochmhadra agus ní heagal duit an dea-mhadra.
    Mollify the wicked and you need not fear the strong.
    Breathnaigh an abhainn sula dtéir ina cuilithe.
    Look before you leap.
    Briseann an dúchas trí shúile an chait.
    Everything takes after its kind.
    Bristear long le fórsa.
    Force may wreck a ship (it is better not to rush matters).
    Bualadh ar an mbualadh is buille ar an mbuille.
    An eye for an eye and a tooth for a tooth.
    Cam díreach an ród is é an bealach mór an t-aicearra.
    The longest way round is the shortest way home.
    Can an rud is áil leat agus cluinfidh tú an rud nach áil leat.
    Say what you like and you will hear what you won't like.
    Caora mhór an t-uan i bhfad.
    Light burdens long borne grow heavy.
    Ceannaigh an seanrud agus bí gan aon rud.
    Buy an old thing and be left with nothing.
    Ceann cíortha a dhíolas na cosa.
    Good grooming compensates for defects of person.
    Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?
    What would a cat's offspring do but kill a mouse?
    Chrom Dia an droim don ualach.
    God fitted the back for the burden, gave us the capacity to work.
    Chuirfeadh sé cosa faoi chearca duit.
    He'd build a nest in your ear.
    Cloíonn neart ceart.
    Might defeats right.
    Cogadh carad caoi namhad.
    Disunity plays into the hands of the enemy.
    Comhfhad a théann teas agus fuacht.
    Soon hot soon cold (moods change).
    Cothú na doininne soineann na hoíche.
    A calm night presages a storm.
    Cuairt ghearr is a déanamh go hannamh.
    A short visit and not too frequent (one should not wear out one's welcome).
    Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
    First catch your hare.
    Cuir culaith shíoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é.
    You cannot make a silk purse out of a sow's ear.
    Dá fhad é an lá, tagann an oíche.
    However long the day, night will come.
    Dá fheabhas é an t-ól is é an tart a dheireadh.
    As good as drink is, it ends in thirst.
    Déan mórán agus can beagán.
    Do much and say little (actions speak louder than words).
    Dearc chugat mar a dhearcas tú uait.
    Do to others as you would have others do to you.
    Dearmad bhean an tí ag an gcat.
    The cat benefits by the housewife's negligence.
    Deartháir don bhás an codladh.
    Sleep is death's brother.
    Déirc an Domhnaigh a bhriseas droim an diabhail.
    Sunday charity overloads the devil's back (occasional almsgiving is not charity in the true sense).
    Deis a dhéanann deis.
    One success leads to another.
    Den duine an t-éadach.
    Clothes make the man.
    Den imirt an coimhéad.
    Forewarned is forearmed.
    Dhá dtrian córa cumhacht.
    Might is (two-thirds) right.
    Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
    Appearances count.
    Dhá dtrian galair le hoíche.
    The risk of illness is greatest at night.
    Dhá dtrian moille le deifir.
    More haste less speed.
    Ding dá adhmad féin a scoilteas an leamhán.
    It takes a wedge of its own timber to split an elm.
    Doirt do dheoch is beidh tart ort.
    Spill your drink and you will thirst (wilful waste makes woeful want).
    Do spoir féin agus capall duine eile.
    Borrowing leads to abuse.
    Éist mórán agus can beagán.
    Hear much and say little (be patient in hearing and reserved in speech).
    Eochair uaisle éadach.
    Fine feathers make fine birds.
    Fág an drochscéal san áit a bhfuair tú é.
    Leave bad news where you found it.
    Faightear gach laoch in aisce.
    Age conquers all.
    Fál ar an ngort tar éis na foghla.
    Locking the stable door after the horse has been stolen.
    Fanann fear sona le séan.
    The lucky man waits for the lucky moment (luck is largely a matter of opportunity).
    Filleann an feall ar an bhfeallaire.
    Treachery brings its own punishment.
    Folaíonn grá gráin.
    Love is blind.
    Fómhar féarmhar agus earrach éagmhar.
    A good autumn makes for a lean spring.
    Gabhtar fonn le fonn agus fonn le mífhonn.
    Things are done with a good or a bad grace.
    Gach dalta mar a oiltear.
    Every fosterling as it is reared.
    Gach díograis go deireadh.
    Blood is thicker than water.
    Gach uige mar a hábhar.
    Like father like son.
    Giorraíonn beirt bóthar.
    Two shorten the road.
    I dtír na ndall is rí é fear na leathshúl.
    The one-eyed man is king in the land of the blind.
    I gcosa cú a bhíos a chuid.
    A hound depends on its speed for food.
    Imíonn gach maith le mionchaitheamh.
    Constant dropping wears away the stone.
    In am an ghátair a bhraitear an chabhair.
    A friend in need is a friend indeed.
    Is beag an dealg a dhéanfadh braon.
    The tiniest thorn can suppurate (little things may cause a lot of trouble).
    Is beag an rud a shalaíonn stocaí bána.
    It is easy to blot fair fame.
    Is beag an rud is buaine ná an duine.
    Any little thing may outlast a human being, may serve as a reminder of someone.
    Is binn béal ina thost.
    A silent mouth is sweet.
    Is buaine an t-uanán ná an t-anraith.
    A cow is more valuable for her milk than for her broth.
    Is buaine bladh ná saol.
    Fame lives on after death.
    Is buan fear ina dhúiche.
    A man is solid in his homeland.
    Is ciúin iad na linnte lána.
    Still waters run deep.
    Is cleasach an peata an saol.
    There are many surprising turns in life.
    Is creach don chat a phiscín.
    A cat feels the loss of its kitten.
    Is cuma leis an óige cá gcroithfidh sí a cos.
    Youth must have its fling.
    Is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg.
    You can't put an old head on young shoulders.
    Is deacair claí a chur ar bhó bhradach.
    It is hard to keep a thieving cow within bounds, to check a rogue.
    Is deacair seanslat a shníomh.
    It is hard to twine an old rod (you can't teach an old dog new tricks).
    Is deise do dhuine a léine ná a chóta.
    Charity begins at home.
    Is díon an crann fad is díon dó féin é.
    A tree provides shelter, but only until it becomes saturated.
    Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille.
    The madman thinks himself the one with sense.
    Is doiligh ceann catach a chíoradh.
    It is hard to comb a curly head, to smooth away difficulties.
    Is doiligh corrán maith a fháil do dhrochbhuanaí.
    A bad workman quarrels with his tools.
    Is é capall na hoibre an bia.
    The horse of work is food.
    Is fada ón luaith an bocaire.
    There's many a slip twixt the cup and the lip.
    Is fada siar an rud a chuirfeadh Dia aniar.
    Nothing is impossible in the sight of God.
    Is fairsing Dia sa chúngach.
    The Lord will provide.
    Is fearr áirithe na srathrach ná iasacht na diallaite.
    A bird in the hand is worth two in the bush.
    Is fearr amharc amháin romhat ná dhá amharc do dhiaidh.
    Foresight is better than hindsight.
    Is fearr `A Mhuire mo thrua' ná `A Mhuire mo náire'
    Defeat is better than disgrace.
    Is fearr an cú atá sa siúl ná an cú atá sa lúb.
    Freedom of action is better than frustration.
    Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
    Strife is better than loneliness.
    Is fearr an tsláinte ná na táinte.
    Health is better than wealth.
    Is fearr bail ná iomad.
    Better enough than too much.
    Is fearr banlámh den lá ná dhá bhanlámh den oíche.
    It is better to start early than to work late.
    Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas.
    Blood is thicker than water.
    Is fearr bothán biamhar ná caisleán gortach.
    A cabin with plenty of food is better than a hungry castle.
    Is fearr clú ná conách.
    A good name is better than riches.
    Is fearr éan sa bhos ná péire sa tor.
    A bird in the hand is worth two in the bush.
    Is fearr focal sa chúirt ná bonn sa sparán.
    A friend in court is better than a penny in the purse.
    Is fearr foighne ná imreas.
    It is better to be patient than to quarrel.
    Is fearr fuíoll fonóide ná fuíoll formaid.
    It is better to be a butt of ridicule than an object of envy.
    Is fearr glas ná amhras.
    Better be sure than sorry.
    Is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.
    Quality is better than quantity.
    Is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d'ór.
    A handful of skill is better than a bagful of gold.
    Is fearr leath ná meath.
    Something is better than nothing.
    Is fearr mac le himirt ná mac le hól.
    Better a son a gambler than a son a drunkard.
    Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas.
    Anything is better than walking, half a loaf is better than no bread.
    Is fearr rith maith ná drochsheasamh.
    Discretion is the better part of valour.
    Is fearr seanfhiacha ná seanfhala.
    Better old debts than an old score (it is better to have someone beholden to you than at enmity with you).
    Is fearr suí ar an scáth ná suí ar an mblár folamh.
    A bad bush is better than the open field.
    Is fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta.
    It is better to be alone than in bad company.
    Is fuar an rud clú gan chara.
    Fame without friends is a cheerless thing.
    Is furasta fuineadh in aice na mine.
    It is easy to do something if one has the means.
    Is garbh mí na gcuach.
    The month of the cuckoo is severe.
    Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcaí féin.
    The black raven thinks her own chicks are beautiful.
    Is giorra cabhair Dé ná an doras.
    God's help is always near.
    Is glas na cnoic i bhfad uainn.
    Distant hills look green (distant prospects can be deceptively alluring).
    Is iad na muca ciúine a itheann an mhin.
    It is the quiet pigs that eat the meal.
    Is iomaí craiceann a chuireas an óige di.
    A young person goes through many phases.
    Is iomaí lá ag an uaigh orainn.
    Let us enjoy the day while we have it, we'll be dead long enough.
    Is le gach bó a lao agus is le gach leabhar a chóip.
    To every cow its calf and to every book its copy.
    Is leor don dreoilín a nead.
    A wren needs only its nest.
    Is leor nod don eolach.
    A word to the wise is sufficient.
    Is lú ná fríd máthair an oilc.
    A small spark kindles a large fire.
    Is mairg a mbeadh doicheall roimh dheacair aige.
    One should face up to one's troubles.
    Is maith an capall a tharraingíos a charr féin.
    It is a good horse that will pull its own cart.
    Is maith an capall nach bhfaigheann barrthuisle.
    It is a good horse that doesn't stumble
    Is maith an chearc nach mbeireann amuigh.
    The good hen doesn't lay outside.
    Is maith an chreach a roinneas.
    It is good to have enough to go round.
    Is maith an fhaire an fhógairt.
    Forewarned is forearmed.
    Is maith an t-anlann an t-ocras.
    Hunger is good sauce.
    Is maith an t-iascaire an té atá ar an talamh.
    The hurler on the ditch is always the best.
    Is maith Dia go lá agus ní fearr ná go brách.
    God's help is always near.
    Is maith stró agus ní maith róstró.
    It is better to live comfortably than to have too much of the world's goods.
    Is maol gualainn gan bhráthair.
    It is not good to stand alone.
    Is milis á ól ach is searbh á íoc é.
    Every sweet hath its sour.
    Is minic a bádh long láimh le cuan.
    There's many a slip between the cup and the lip.
    Is minic a bhain seangán léim as gearrán.
    It is often an ant made a horse jump.
    Is minic a bhí an fear deireanach díobhálach.
    He who comes late has often to go without (one should not leave things too late).
    Is minic a bhí ciúin ciontach.
    Silence often denotes guilt.
    Is minic a bhí cú mall sona.
    A lagging hound was often lucky (better late than never).
    Is minic a bhí deifreach deireanach.
    More haste less speed.
    Is minic a bhí gránna gnaíúil is dathúil dona.
    It's often that ugly is mannerly and handsome is bad.
    Is minic a bhris béal duine a shrón.
    It's often that a person's mouth breaks his nose.
    Is minic a chealg briathra míne cailín críonna.
    Many a prudent girl was led astray with honeyed words.
    Is minic a dhearc béal na huaighe ar bhéal na truaighe.
    Death has often benefited the needy.
    Is minic a mhaolaigh béile maith brón.
    All griefs are less with bread.
    Is minic a rinne bromach gioblach capall cumasach.
    Many a ragged colt made a noble horse.
    Is minic a rug cú mall ar ghiorria.
    It is often that the slow hound captures a hare.
    Is minic duine liath lúfar.
    Grey hairs need not signify old age.
    Is minic saoi ó dhaoi.
    Many a foolish father had a wise son.
    Is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim.
    An unlearned craft is an enemy.
    Is olc an chearc nach scríobann di féin.
    It's a poor hen that will not scratch for itself.
    Is olc an cú nach fiú fead a ligean air.
    It is a poor hound that is not worth whistling for (anything is better than nothing).
    Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
    It's an ill wind that blows nobody good.
    Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin.
    It's an ill bird that fouls its own nest.
    Is sleamhain iad leaca an tí mhóir.
    The stones of the great house are slippery.
    Is taibhseach iad adharca na mbó thar lear
    Foreign cows have long horns (distance lends enchantment to the view).
    Is teann an taca an trócaire.
    Mercy has a most sustaining quality.
    Is teann gach madra ag a dhoras féin.
    A cock is bold on his own dunghill.
    Is treise dúchas ná oiliúint.
    Instinct is stronger than upbringing.
    Is trom cearc i bhfad.
    Even a hen becomes a burden on a long journey.
    Is tuirseach fear curaigh le cuan.
    Enforced idleness is wearisome.
    Is túisce deoch ná scéal.
    A drink comes before a story (one should offer a drink before asking for news).
    Léim ón tine chun na gríosaí.
    Out of the frying-pan into the fire.
    Loiteann luath léir.
    Speed is not conducive to accuracy.
    Lot a láimhe féin ar an gcearrbhach.
    We must pay for our mistakes.
    Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir uair éigin.
    Patience is always rewarded.
    Mac an tsaoir ábhar an tuata.
    A craftsman's son may grow up in ignorance of his father's skills.
    Mair, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar.
    Live horse and you will get grass.
    Mar a bhíos an cú mór bíonn an coileán.
    Like father like son.
    Más deas do dhuine a chóta is deise do dhuine a léine.
    Blood is thicker than water.
    Más fada an lá tig an oíche.
    Everything must come to an end.
    Más feall fillfidh.
    Treachery brings its own punishment.
    Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
    Love me love my dog.
    Más maith leat do mholadh, faigh bás. Más maith leat do cháineadh, pós.
    If you want praise, die. If you want criticism, marry.
    Má tá tú láidir bí grástúil.
    Strength should be tempered with mercy.
    Meileann muilte Dé go mall ach meileann siad go mín.
    God's mill grinds slow (but sure).
    Molann an obair an saor.
    The work commends the craftsman (a man may be judged by his achievements).
    Mol an óige is tiocfaidh sí.
    Youth responds to praise.
    Mol an t-áth mar a gheobhair.
    Judge things as you find them.
    Mol gort is ná mol geamhar.
    Praise the crop and not the braird (don't count your chickens before they are hatched).
    Mura dtaga leat tar leo.
    If you can't beat them join them.
    Mura mbeadh agat ach gabhar bí i lár an aonaigh leis.
    Don't hide your light under a bushel.
    Ná bain do gheis agus ní bhainfidh geis duit.
    Leave forbidden things alone and they cannot harm you.
    Ná baintear an t-ainm den bhairín.
    Call a spade a spade.
    Ná beannaigh don diabhal go mbeannaí sé duit.
    One should not go out of one's way to look for trouble.
    Ná cuir an sócúl roimh an dócúl.
    Do not put comfort before discomfort (business first).
    Ná cuir do chorrán i ngort gan iarraidh.
    Don't interfere in other people's business.
    Ná déan acht agus ná bris acht.
    Follow traditional customs.
    Ná déan nós agus ná bris nós.
    Neither make nor break a custom.
    Ná díol caora dhubh, ná ceannaigh caora dhubh, agus ná bí gan caora dhubh.
    Neither buy nor sell a black sheep but never be without one.
    Ná labhair leis na cosa má bhíonn an ceann sa láthair.
    One should try to deal with the proper authorities.
    Ná maraigh an fia go bhfeice tú é.
    Don't count your chickens before they are hatched.
    Ná samhail fleá le fuíoll.
    Leavings don't make a feast.
    Ná tréig do charaid ar do chuid.
    Don't betray friendship for gain.
    Ní ar leathchois a tháinig Pádraig go hÉirinn.
    St. Patrick did not come to Ireland unprepared (one should not rely on half-measures).
    Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
    There can be no progress without discipline.
    Ní bhíonn an sonas gan an donas ina orlaí tríd.
    There is no rose without thorns.
    Ní bhíonn fear náireach éadálach.
    A diffident man does not get many perquisites (if you will not ask you will not get).
    Ní bhíonn rith maith ag gach each i gcónaí.
    It is a good horse that never stumbles.
    Ní bhíonn saoi gan locht.
    Homer sometimes nods.
    Ní breac go port é.
    A trout isn't caught until it's landed.
    Ní buan cogadh na gcarad.
    A quarrel between friends is soon healed.
    Ní buan gach ní a chaitear.
    Nothing on earth is permanent.
    Ní céasadh go pósadh.
    Marriage can be quite a cross.
    Ní chuimhníonn cú gortach ar a coileán.
    A hungry hound does not remember its whelp (necessity knows no law).
    Ní críonnacht creagaireacht.
    Miserliness is not thrift (it does not pay to be mean).
    Ní déanach an mhaith aon uair.
    It is never too late to mend.
    Ní de dhuine a gháire.
    One is free to laugh.
    Ní deir galar fada bréag.
    A long sickness doesn't lie.
    Ní dhéanfadh an saol capall rása d'asal.
    You cannot make a silk purse out of a sow's ear.
    Ní faide gob na gé ná gob an ghandail.
    What is sauce for the goose is sauce for the gander.
    Ní fáidh fear ar a thairseach féin.
    No man is a prophet in his own country.
    Ní féidir le duine a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine.
    A man can't whistle and drink at the same time.
    Ní fhágann marbh láthair.
    Dead men tell no tales.
    Ní fhaigheann cos ina cónaí dada.
    One must seek out opportunities.
    Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta.
    Violence begets violence.
    Ní fhaigheann sagart balbh beatha.
    The silent priest doesn't earn his keep.
    Ní fhaightear saill gan saothrú.
    There is no easy road to prosperity.
    Ní fhanann muir le fear sotail.
    Time and tide wait for no man.
    Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
    The windy day is not the day for thatching (take time by the forelock).
    Ní heolas go haontíos; ní thig eolas gan aontíos.
    If you want to know me come and live with me.
    Ní hiad na fir mhóra a bhaineann an fómhar go huile.
    Strength is not everything.
    Ní hionann dul chun an bhaile mhóir agus teacht as.
    It is easier to go to the town than to come back from it (delays are inevitable).
    Ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
    One should not judge by appearances.
    Ní huaisle mac rí ná a chuid.
    Handsome is as handsome does.
    Ní hualach do dhuine an léann.
    Learning is no encumbrance.
    Ní in am a bhraitear an fealltóir.
    A traitor is seldom caught in time.
    Ní íseal ná uasal ach thíos seal thuas seal.
    Everyone has his ups and downs in life.
    Níl a fhios ag éinne cá bhfuil fód a bháis.
    No one knows here his sod of death is.
    Níl ag fear bodhar ach lán a chluas a thabhairt leis.
    A deaf man can only attempt to understand what is said.
    Níl aon suáilce gan a duáilce féin.
    There are no unmixed blessings in life.
    Níl aon tinteán mar do thinteán féin.
    There is no place like home.
    Níl cáin sa bhuille nach mbuailtear.
    Hard words break no bones.
    Ní leithne an t-aer ná an timpiste.
    Accidents will happen.
    Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
    There is no cure for death.
    Níl maith a bheith ag caint faoi bhainne doirte.
    There is no use crying over spilt milk.
    Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta.
    It is no use crying over spilt milk.
    Níl neart ar an mbás ach pósadh arís.
    There is no cure for death (but to marry again).
    Níl sa saol ach gaoth is toit.
    Life is only wind and vapour.
    Níl tuile dá mhéad nach dtránn.
    Nothing can last for ever.
    Ní lúide an trócaire a roinnt.
    Charity is not diminished by being shared.
    Ní mhealltar an sionnach faoi dhó.
    You don't trick the fox twice.
    Ní mhilleann dea-ghlór fiacail
    A kind word is always welcome.
    Ní neart go cur le chéile.
    Unity is strength.
    Ní ólann na mná leann ach imíonn sé lena linn.
    Women don't drink but it disappears when they are around.
    Níor bhlais an bia nach mblaisfidh an bás.
    All men are mortal.
    Níor bhris focal maith fiacail riamh.
    A kind word is always welcome.
    Níor cailleadh leath dá ndeachaigh i gcontúirt.
    All that is ventured is not lost; nothing venture, nothing win.
    Níor chaill fear an mhisnigh riamh.
    Fortune favours the brave.
    Níor dhún Dia doras riamh nár oscail Sé ceann eile.
    God never closed one door without opening another.
    Níor eitigh páipéar bán dúch riamh.
    Blank paper never rejected ink (youth is impressionable).
    Níor loisc seanchat é féin riamh.
    An old cat never scorches itself.
    Níor tháinig riamh an mheidhir mhór nach dtiocfadh ina diaidh an dobrón.
    All our joys are overcast with sorrow (no joy without alloy).
    Ní scaoth breac.
    One swallow does not make a summer.
    Ní sheasann sac folamh.
    An empty sack won't stand (it is hard to work on an empty stomach).
    Ní shlogann béal dúnta cuileoga.
    A closed mouth doesn't swallow flies.
    Ní thagann caonach ar chloch reatha.
    A rolling stone gathers no moss.
    Ní thagann ciall roimh aois.
    Sense doesn't come before age.
    Ní théann rogha ón réiteach.
    Peace is everything.
    Ní theitheann cú roimh chnámh.
    A dog doesn't run from a bone.
    Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.
    One cannot be everywhere, attend to everything, at once.
    Ní thig luas le léire.
    Speed is not conducive to accuracy.
    Ní thig olc i dtír nach fearrde duine éigin.
    It's an ill wind that blows nobody good.
    Ní thuigeann an sách an seang.
    It is ill speaking between a full man and a fasting.
    Ní thuirsítear fear na héadála.
    One does not tire of a profitable occupation.
    Ní troime den cholainn ciall.
    Wisdom is no burden.
    Nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh.
    When the drop is inside, sense is outside.
    Nuair a laghdaíonn an t-ádh, fuaraíonn an grá.
    When luck lessens, love cools.
    Nuair a thagann an chaill tagann an fhaill.
    Misfortunes never come singly.
    Ól gloine is caoin dabhach.
    Sow the wind and reap the whirlwind.
    Roinneann Dia na suáilcí.
    God shares His gifts among men.
    Scaird aithrí scaird pheacaí.
    Sudden fit of repentance (followed by bout of profligacy).
    Scéal an chait, a piscín.
    The cat's story: its kitten.
    Sceitheann fíon fírinne.
    Wine in, truth out.
    Sceitheann meisce mírún.
    Drink reveals the ill intent (in vino veritas).
    Scinneann gráinne ón scilligeadh.
    A grain escapes from the shelling (exceptional characters are to be found in all communities).
    Sciurdann éan as gach ealta.
    A bird darts out of every flock (exceptional characters are to be found in all communities).
    Seachain an teach tábhairne nó is bairnigh is beatha duit.
    Beware the pub or limpets will be your food.
    Siúlann na cait seacht n-acra in oíche.
    A cat walks seven acres in a night.
    Tabhair banlámh don bhodach agus tabharfaidh sé féin slat leis.
    Give him an inch and he'll take an ell.
    Tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé an díogha.
    Give a beggar a horse and he will ride to the devil.
    Tá Dia foighneach ach níl Sé dearmadach.
    God is patient but He does not forget.
    Tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige.
    God is strong, a powerful ally in distress.
    Tagann an cruatan i ndiaidh an chaite.
    Waste makes want.
    Tá ionracas os cionn margaidh.
    Honesty is above bargaining (honesty is the best policy).
    Taithí a dhéanann máistreacht.
    Practice makes perfect.
    Téann focal le gaoth ach téann buille le cnámh.
    Actions speak louder than words.
    Titfidh an spéir nuair a rachaidh an gobadán i mbéal na cuaiche.
    There will be chaos when the pipit leads the cuckoo.
    Tnúth a threabhas.
    Where there's a will there's a way.
    Tosach sláinte codladh.
    Sleep is the first sign of recovery.
    Troidfidh cailleach i gcruachás.
    Even a worm will turn.
    Tuar an t-ádh agus tiocfaidh sé.
    Every man is the architect of his own fortune.
    Tuigeann fear léinn leathfhocal.
    A word to the wise is sufficient.
    Tuí na háithe a chur ar an muileann.
    Rob Peter to pay Paul.
    Tús maith leath na hoibre.
    Well begun is half done.
    Tús na heagna eagla an Tiarna.
    Wisdom begins with the fear of the Lord.
  • Tréanna | Triads
    Trí ní a bhaineann le sonas: fál, foscadh, is mochóirí.
    Three things that make for happiness: hedges, shelter, and early rising.
    Trí rud nach bhfágann rian: éinín ar an gcraobh, breac ar an linn, grá mná ar chroí fir.
    Three things that don't leave a trace: a bird on the branch, a trout on the pool, a woman's love on a man's heart.
    Trí ní nach féidir a mhúineadh: guth, féile is filíocht.
    Three things that can't be taught: singing voice, generosity, and poetry.
    Na trí neart is treise: neart tine, neart uisce, neart namhad
    The three strongest strengths: strength of fire, strength of water, strength of an enemy
    Trí ní nach féidir a fheiscint: faobhar, gaoth agus grá.
    Three things that can't be seen: edge, wind and love.
    Trí chomhartha an amadáin: feirc, feadaíl is fiafraí.
    The three signs of a fool: a tilted cap, whistling, and questions.
    Na trí shúil is géire: súil circe i ndiaidh an ghráinne, súil ghabha i ndiaidh an tairne, súil an fhir i ndiaidh a ghrá ghil.
    The three sharpest eyes: the eye of a hen after a grain, the eye of a smith after a nail, the eye of a man after his true love.
  • Samhlacha | Similes
    Tá mé..., Tá tú..., Tá sé/sí...
    I am..., You are..., He/she is...
    Chomh maol le croí mo dhearnan.
    As bald as a coot.
    Chomh maol le tuairgnín.
    As bald as a coot.
    Chomh lom leis an leac.
    As bare as a rock.
    Chomh lom le mo bhos.
    As bare as the palm of my hand.
    Chomh cam le tuar ceatha.
    As bent as a rainbow.
    Chomh dubh leis an daol.
    As black as a beetle.
    Chomh dubh le sméar.
    As black as a berry.
    Chomh dubh le bac.
    As black as a hob.
    Chomh dubh leis an bhfiach.
    As black as a raven.
    Chomh dubh le cleite an fhéich.
    As black as a raven's feather.
    Chomh dubh le hairne.
    As black as a sloe.
    Chomh dubh le gual.
    As black as coal.
    Chomh dubh le Poll Tí Liabáin.
    As black as Erebus.
    Chomh dubh le pic.
    As black as pitch.
    Chomh dubh leis an diabhal.
    As black as Satan.
    Chomh dubh le tóin corcáin.
    As black as the bottom of a pot.
    Chomh dubh leis an iarta.
    As black as the hob.
    Chomh dall le bonn mo bhróige.
    As blind as a bat.
    Chomh gorm le mála an ghoirm.
    As blue as a blue-bag.
    Chomh gorm le plúirín.
    As blue as indigo.
    Chomh díbhirceach le beach.
    As busy as a bee.
    Chomh saothrach le beach.
    As busy as a bee.
    Chomh ciúin le linn.
    As calm as a pond.
    Chomh glan le criostal.
    As clear as crystal.
    Chomh glan le fíoruisce.
    As clear as spring water.
    Chomh soiléir le grian an mheán lae.
    As clear as the noonday sun.
    Chomh fuar leis an éag.
    As cold as death.
    Chomh glic le sionnach.
    As crafty as a fox.
    Chomh cam le cos deiridh an mhadra.
    As crooked as a dog's hind leg.
    Chomh cam le cam lúbáin.
    As crooked as a pot-hook.
    Chomh cam le hadharc reithe.
    As crooked as a ram's horn.
    Chomh críonna le sionnach.
    As cunning as a fox.
    Chomh glic leis an diabhal.
    As cunning as Satan.
    Chomh marbh le hart.
    As dead as a stone.
    Chomh bodhar le bodhrán.
    As deaf as a drum.
    Chomh bodhar le cloch, le slis, le bodhrán.
    As deaf as a stone.
    Chomh lom leis an uisce.
    As dilute as water.
    Chomh tirim le plúr.
    As dry as as flour.
    Chomh tirim le snaois.
    As dry as as snuff.
    Chomh tirim le púdar.
    As dry as powder.
    Chomh tirim le sponc.
    As dry as tinder.
    Chomh tirim le spríos.
    As dry as tinder.
    Chomh bréagach leis an diabhal.
    As false as Satan.
    Chomh gasta le cú.
    As fast as a greyhound.
    Chomh ramhar le mart.
    As fat as an ox.
    Chomh ramhar le rón.
    As fat as a seal.
    Chomh confach le mac tíre.
    As fierce as a wolf.
    Chomh mion le plúr.
    As fine as flour.
    Chomh mion le snaois.
    As fine as snuff.
    Chomh daingean le carraig.
    As firm as a rock.
    Chomh daingean le bun crainn.
    As firm as a tree-stump.
    Chomh daingean le bianna ar mhaide bacaigh.
    As firm as the ferrule on a beggar's staff.
    Chomh cothrom le clár.
    As flat as a board.
    Chomh sciobtha le fia.
    As fleet as a deer.
    Chomh luath le giorria.
    As fleet as a hare.
    Chomh bréan le camras.
    As foul-smelling as sewage.
    Chomh héasca le meannán.
    As frisky as a kid.
    Chomh líonta le frog fómhair.
    As full as an autumn frog.
    Chomh lán le mála píbe.
    As full as can be.
    Chomh haigeanta le buachaill óg.
    As gay as a youth.
    Chomh modhúil le huan caorach.
    As gentle as a lamb.
    Chomh mánla le haingeal.
    As gentle as an angel.
    Chomh glas le féar.
    As green as grass.
    Chomh glas le cuileann.
    As green as holly.
    Chomh glas le geamhar.
    As green as springing corn.
    Chomh liath le broc.
    As grey as a badger.
    Chomh liath le luch.
    As grey as a mouse.
    Chomh liath leis an iolar.
    As grey as the eagle.
    Chomh liath leis an gceo.
    As grey as the mist.
    Chomh crua le cloch eibhir.
    As hard as granite.
    Chomh crua leis an iarann.
    As hard as nails.
    Chomh crua le cloch.
    As hard as stone.
    Chomh folláin le breac.
    As healthy as a trout.
    Chomh díomhaoin le damh san eadra.
    As idle as an ox at milking-time.
    Chomh díomhaoin le bacach an mhála.
    As idle as a pedlar.
    Chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire.
    As idle as a piper's little finger.
    Chomh soineanta le leanbh.
    As innocent as a child.
    Chomh soineanta leis an leanbh a rugadh aréir.
    As innocent as a new-born babe.
    Chomh luaineach le dreancaid.
    As jumpy as a flea.
    Chomh héadrom le cleite.
    As light as a feather.
    Chomh héadrom le gealbhan.
    As light as a sparrow.
    Chomh haerach le meannán.
    As lively as a kid.
    Chomh líonmhar le gaineamh na trá.
    As numerous as the sands on the sea-shore.
    Chomh sean leis an díle.
    As old as the flood.
    Chomh sean leis an gceo.
    As old as the hills.
    Chomh meidhreach le dreoilín teaspaigh.
    As playful as a grasshopper.
    Chomh meidhreach le meannán míosa.
    As playful as a month-old kid.
    Chomh meidhreach le huan óg.
    As playful as a young lamb.
    Chomh fairsing le féar.
    As plentiful as grass.
    Chomh fairsing le gaineamh na trá.
    As plentiful as the sand on the sea-shore.
    Chomh fairsing le móin.
    As plentiful as turf.
    Chomh bocht leis an deoir.
    As poor as a church mouse.
    Chomh daibhir le daol dubh.
    As poor as a church mouse.
    Chomh coilgneach le gráinneog.
    As prickly as a hedgehog.
    Chomh colgach le gráinneog.
    As prickly as a hedgehog.
    Chomh leitheadach leis na cuacha.
    As proud as a peacock.
    Chomh bródúil le cat a mbeadh póca air.
    As proud as Punch.
    Chomh dearg le drithle.
    As red as a sparkle.
    Chomh dealraitheach le solas na gréine.
    As resplendent as the light of the sun.
    Chomh cruinn le liathróid.
    As round as a ball.
    Chomh discréideach le bosca na faoistine.
    As secret as the confessional.
    Chomh caol le cú.
    As slender as a greyhound.
    Chomh caol le gáinne.
    As slender as a rush.
    Chomh sleamhain le heascann.
    As slippery as an eel.
    Chomh sleamhain le gloine.
    As smooth as glass.
    Chomh mín le síoda.
    As smooth as silk.
    Chomh bog le him.
    As soft as butter.
    Chomh buan le carraig.
    As solid as a rock.
    Chomh tacúil le carraig.
    As solid as a rock.
    Chomh naimhdeach le heasóg.
    As spiteful as a weasel.
    Chomh ciúin leis an uaigh.
    As still as the grave.
    Chomh díreach le slat ghunna.
    As straight as a ramrod.
    Chomh díreach le gáinne.
    As straight as a reed.
    Chomh díreach le slis.
    As straight as a rod.
    Chomh díreach le feag.
    As straight as a rush.
    Chomh láidir le capall.
    As strong as a horse.
    Chomh láidir le Goll mac Morna.
    As strong as Goll Mac Morna.
    Chomh milis le mil.
    As sweet as honey.
    Chomh teann le mála an phíobaire.
    As taut as a bagpipe.
    Chomh rite le bogha fidile.
    As taut as a fiddle-string.
    Chomh teann le téad fidile.
    As taut as a fiddle-string.
    Chomh tiubh le raithneach.
    As thick as fern.
    Chomh caol le tráithnín.
    As thin as a blade of grass.
    Chomh tanaí le duilleog eidhinn.
    As thin as an ivy-leaf.
    Chomh teann le caid.
    As tight as a football.
    Chomh faiteach le coinín.
    As timid as a rabbit.
    Chomh righin le gad.
    As tough as a withe (of hardy person).
    Chomh tur le féar aille.
    As unappetizing as cliff grass.
    Chomh nimhneach le mála easóg.
    As vicious as a bag of weasels.
    Chomh díonmhar le buidéal.
    As watertight as a bottle.
    Chomh lag le héan i mbarrach.
    As weak as an ailing chick.
    Chomh geal le lítis.
    As white as a sheet.
    Chomh geal leis an eala.
    As white as a swan.
    Chomh geal le canach an tsléibhe.
    As white as cotton-down.
    Chomh geal le ceannbhán.
    As white as cotton-grass.
    Chomh geal le cúr sceite.
    As white as falling foam.
    Chomh geal le táth lín.
    As white as flax.
    Chomh geal leis an aol.
    As white as lime.
    Chomh geal le sneachta na haon oíche.
    As white as overnight snow.
    Chomh fiáin le fia na mbeann.
    As wild as a deer.